Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them or click here to manage your cookie preferences.

Tionscadal maidir le bailiú sonraí agus anailísíocht sonraí

Bhunaigh an GBRA tionscadal a bhfuil mar aidhm leis aonad sonraí a bhunú, ar aonad é a dhéanfaidh sonraí éagsúla faoin earnáil údaráis áitiúil a bhailiú, a bhainistiú agus a anailísiú.

Soláthraíonn údaráis áitiúla suas le 1,000 seirbhís don phobal agus sealbhaíonn siad méideanna ollmhóra sonraí luachmhara a d’fhéadfadh cabhrú le seirbhísí a fheabhsú agus eolas a dhéanamh do bheartais ar fud na hearnála.

Féachfaidh an t-aonad sonraí nua le sonraí ábhartha a shainaithint agus le córais a fhorbairt le haghaidh uathbhailiú na sonraí sin ar fud na hearnála chun tacar sonraí bainistithe láraithe a chruthú don rialtas áitiúil.

Cad iad aidhmeanna an tionscadail?

Tá sé mar aidhm leis an tionscadal an fhaisnéis infhíoraithe agus tábhachtach ón taobh straitéiseach de atá ann a shainaithint, agus forbairt a dhéanamh ar mhodh chun na sonraí sin a bhailiú chun go mbeifear in ann iad a bhainistiú agus a anailísiú chun na gcríoch seo a leanas:

  • Cinnteoireacht fhianaisebhunaithe agus beartas fianaisebhunaithe a éascú
  • A chinntiú gur fíoraithe agus ar fáil a bheidh sonraí oscailte a bhaineann le príomh-shaincheisteanna earnála agus go léirmhíneofar i gceart iad
  • Cur le hacmhainn na hearnála chun an obair a bhíonn á soláthar ag údaráis áitiúla a ghabháil agus a chur in iúl
  • Na sonraí a chomhcheangal le sonraí seachtracha chun tuairisciú agus tuiscint níos cuimsithí a fhorbairt ar an dóigh a rannchuidíonn obair na n-údarás áitiúil le mórspriocanna beartais
  • Tacú le húdaráis áitiúla acmhainní a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtaí trí fhianaise a úsáid

Leis na sonraí a bhaileofar, cabhrófar le heolas a dhéanamh do chinnteoireacht ar fud raon leathan beartas agus cleachtas san earnáil rialtais áitiúil, lena n-áirítear i dtaca leis na nithe seo:

  • Éileamh ar thithe, fardal stoic agus bainistíocht stoic
  • Riachtanais tithíochta sa todhchaí
  • Seirbhísí do dhaoine gan dídean
  • Pleanáil agus treochtaí úsáide talún
  • Éifeachtúlacht sa phróiseas pleanála agus na héifeachtaí atá ag cinntí pleanála
  • An tionchar atá ag infheistíocht i ngníomhaíocht eacnamaíoch ar chruthú fostaíochta agus ar ghiniúint ioncaim
  • Idirghníomhaíocht leis an bpobal
  • Ioncam údaráis áitiúil agus an tionchar ar sheirbhísí
  • Soláthar agus luach ar airgead
  • Pleanáil acmhainne dramhaíola agus fuinnimh
  • Cáilíocht uisce

An t-eolas is deireanaí ar an tionscadal

Fuarthas ceadú foirmiúil le haghaidh an tionscadail ó Ghrúpa Maoirseachta Athchóirithe na hEarnála Poiblí i mí Eanáir 2021. Formheasadh cistiú i mí an Mhárta agus fuarthas cead le haghaidh earcú foirne i mí na Bealtaine 2021. 

I láthair na huaire, tá an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil ag earcú gairmithe sonraí cuí-oilte chun soláthar an tionscadail a threorú agus a bhainistiú.  Faoi dheireadh na bliana, is earcaithe a bheidh suas le hochtar ball foirne a mbeidh sainscileanna anailíse agus léirshamhlaithe acu agus beidh tús curtha le cumrú TF agus le bailiú sonraí.  A luaithe a bheidh na baill foirne i bhfeidhm, táthar ag súil leis go mbeidh obair ar shonraí a bhaineann le tithíocht, easpa dídine, pleanáil agus dramhaíl ar na chéad réimsí a ndíreofar orthu.

Tá sainchomhairleoirí ag obair ar chórais a fhorbairt chun comhlíonadh na gceanglas cosanta sonraí uile a chinntiú.

Seiceáil ar ais chun an t-eolas is deireanaí a fháil de réir mar a théann an tionscadal ar aghaidh nó lean sinn ar Twitter nó ar LinkedIn.