Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them or click here to manage your cookie preferences.

Polasaí Tráchtanna Mheáin Shóisialta

Rialacha tí agus polasaí tráchtanna mheáin shóisialta GBRÁ

Bainistíonn GBRÁ roinnt cuntais meán sóisialta ar ardáin éagsúla, lena n-áirítear do GBRÁ, Údaráis Áitiúla na hÉireann agus Leabharlanna Éireann. Tá feidhm ag na rialacha tí agus an polasaí tráchtanna seo a leanas maidir le gach cuntas a bhainistíonn GBRÁ agus ceapadh iad chun go mbeidh rannpháirtíocht lenár gcuntais ina heispéireas taitneamhach sábháilte. 

Ní gá go léiríonn gach trácht, íomhá, físeán agus aon chineál eile ábhair a phostálann leantóirí ar na meáin shóisialta, agus iad ag caidreamh le GBRÁ nó ár gcuntais bhainistithe eile, tuairimí nó smaointe GBRÁ nó a fhostaithe. Níl GBRÁ freagrach as ábhar ar bith dá leithéid. I gcás ar bith, caithfidh gach ábhar a phostáiltear ar na leathanaigh seo cloí leis na téarmaí úsáide faoi mar a chuirtear in iúl ar an ardán meán sóisialta ábhartha.

Tá gach ceart, lena n-áirítear cóipcheart, ar phróifílí GBRÁ faoi úinéireacht GBRÁ nó ceadúnaithe chuig GBRÁ nó ár bpáirtithe leasmhara in earnáil na n-údarás áitiúil. Tá cosc ar úsáid ar bith as na leathanaigh sin nó as a n-ábhar, lena n-áirítear iad a chóipeáil nó a stóráil go hiomlán nó i bpáirt, seachas chun d’úsáid phearsanta, neamhthráchtála féin, gan cead i scríbhinn ó GBRÁ.

Níl freagracht ag GBRÁ as fógraí tríú páirtí ar na leathanaigh nó cuntais meán sóisialta nó timpeall orthu, nó ní fhormhuiníonn sé iad.

Cuirimid fáilte roimh gach trácht agus aiseolas cuiditheach. Coimeádaimid an ceart againn féin postálacha nó tráchtanna ar bith nach gcloíonn leis na rialacha tí sin nó leis na téarmaí úsáide arna sainiú ag ardáin meán sóisialta ábhartha. Iarraimid ort go bpostálfá ábhar atá measúil agus ábhartha d’obair GBRÁ nó earnáil na n-údarás áitiúil.

Tabhair do d’aire, le do thoil, nach gá go léiríonn gach postáil nó trácht leantóirí tuairimí GBRÁ, ná trína bhfeiceáil ar ár leathanaigh nach gá go ndearbhaíonn GBRÁ á gcruinneas.

Go sonrach, ní ghlacaimid leis an méid seo a leanas:  

·      Postálacha maslacha nó bagracha nó drochchaint nó caint gháirsiúil

·      Postálacha clúmhillteacha nó a d’fhéadfadh a bheith clúmhillteach

·      Trolláil nó cur isteach d’aon ghnó ar phlé

·      Sáruithe ar chearta maoine intleachtúla ar bith

·      Cineál spamála

·      Comhaid a íoslódáil ina bhfuil víris nó cláir a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh d’oibriú ríomhaire daoine eile

·      Ag iarraidh ar dhaoine rudaí a cheannach nó tabhartais a iarraidh

Tabhair do d’aire, le do thoil, nach nglacaimid le gearáin nó nach ndéileálaimid le cúrsaí corparáideacha ar bith trínár gcainéil meán sóisialta.  Más mian leat fadhb a thuairisciú, tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin ag www.lgma.ie le haghaidh sonraí teagmhála.