Our website uses cookies to offer you a better browsing experience, analyse site traffic, personalise content, and serve targeted advertisements. Please visit our Cookie Policy page for more information about cookies and how we use them or click here to manage your cookie preferences.

CBCC

Is é Cumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach (CBCC) ‘guth ionadaíoch’ líonra bainistíochta an rialtais áitiúil.


Soláthraíonn an GBRÁ tacaíocht do phointe teagmhála don CBCC agus gníomhaíonn sé mar phointe teagmhála don CBCC. Is príomhfheidhmeannaigh iad baill CBCC de na comhairlí contae agus cathrach agus is iad príomhfheidhmeannaigh cúnta Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

Oibríonn an CBCC trí líon coistí bunaithe, agus baineann gach ceann díobh le réimse sonrach beartais:

  • An Coiste um Thithíocht, Tógáil agus Úsáid Talún
  • An Coiste um Ghníomhú ar son na hAeráide, Bainistíocht Dramhaíola, Iompar agus Gréasáin
  • An Coiste um Fhorbairt Tuaithe, Pobal, Cultúr agus Oidhreacht
  • An Coiste um Ghnó, Fiontair, Turasóireacht, Nuálaíocht agus Athnuachan Gheilleagrach Ceantar Uirbeach/Bailte
  • An Coiste um Uisce, Comhshaol agus Pleanáil Éigeandála
  • An Coiste Airgeadais
  • An Coiste Corparáideach

Tá gach Coiste comhdhéanta d’fheidhmeannaigh agus stiúrthóirí seirbhíse / cinn airgeadais comhairlí contae agus cathrach.

Déanann an coiste idirphlé le lucht bainistíochta sinsearaí ranna rialtais agus eagraíochtaí ábhartha eile. Déanann an CBCC ionadaíocht dá bhaill ar choistí seachtracha, grúpaí stiúrtha agus eagraíochtaí, forbraíonn sé seasaimh fhianaise-bhunaithe agus déanann sé aighneachtaí maidir le ceisteanna ábhartha.

Cuspóirí an CBCC

Leagann Feidhmeannach an CBCC cuspóirí straitéiseacha an CBCC amach - coiste ina bhfuil ocht mball ina gcuimsítear Cathaoirleach an CBCC, an Leas-Chathaoirleach, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí agus ceithre bhaill príomhfheidhmeannaigh thofa. Tá tionchar ag an timpeallacht eacnamaíoch, pholaitiúil agus reachtach ina bhfeidhmíonn an CBCC orthu, agus is iad seo a leanas a gcuspóirí:

  • Tionchar a imirt ar bheartas atá ag teacht chun cinn agus beartas amach anseo a théann i gcion ar an rialtas áitiúil agus é a mhúnlú trí rannpháirtíocht dhíreach le príomhpháirtithe leasmhara ar réimse ábhair éagsúla.
  • Tacú leis an gcóras le haghaidh na n-acmhainní is gá, roghanna straitéiseacha a shainaithint a dhéanfar i leithdháiltí na n-acmhainní agus cumas an chórais a thaispeáint maidir le luach ar airgead a sholáthar
  • Dearcadh beacht agus dearfach a fhorbairt agus a chur i láthair maidir le luach na n-údarás áitiúil san fhearann poiblí trí thuiscint a chothú ar an réimse leathan oibre a bhfuil na húdaráis áitiúla bainteach ann agus ar na ceisteanna atá taobh thiar de agus a imríonn tionchar air
  • Fianaise ar an dea-chleachtas agus nuálaíocht laistigh den earnáil a thaispeáint chun tacú le forbairt níos leithne na gcleachtas sin, mar shampla sna réimsí seirbhíse comhroinnte agus soláthair.
  • Tacú le baill aonair an CBCC
  • A chinntiú go leanfar de chlár oibre um athchóiriú an rialtais agus go mbeidh tionchar dearfach intomhaiste aige

An dóigh an n-oibríonn sé sin ar talamh

Trí struchtúr an choiste, déanann an CBCC tionchar beart sonrach beartais ar earnáil na n-údarás áitiúil a mheasúnú agus a scaipeadh. Cuireann sé sin taca faoin seasamh a ghlacann an Cumann agus imríonn sé tionchar air.

Stiúrann Feidhmeannach an CBCC príomhcheisteanna a gcaithfear dul i ngleic leo – ceisteanna ardleibhéil den chuid is mó, lena múnlófar clár oibre an CBCC agus na sé choiste.

Trí rannpháirtíocht struchtúrach ardleibhéil le príomhpháirtithe leasmhara, cuireann an CBCC dearcthaí breithnithe an Chumainn ar aghaidh. D’fhéadfaí go ndéanfaí an rannpháirtíocht sin trí:

  • Struchtúr coiste
  • Idirphlé / cruinnithe iomlánacha le ranna rialtais
  • Rannpháirtíocht leis an gcóras polaitiúil
  • Ionadaíocht CBCC ar chomhlachtaí seachtracha
  • Rannpháirtíocht dhíreach le heagraíochtaí

I gcásanna gur bunaíodh grúpa, lena bhfuil téarmaí sonracha tagartha, chun athbhreithniú a dhéanamh ar cheisteanna arna sainaithint ag an Rialtas náisiúnta, chuirfeadh an CBCC aighneacht faoi bhráid an ghrúpa lena mbaineann agus bheadh rannpháirtíocht dhíreach acu leo ina dhiaidh sin de ghnáth.

Oibríonn an CBCC i gcomhpháirtíocht le ranna agus gníomhaireachtaí chun reachtaíocht éifeachtach, chuíchóirithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

Mar ionadaithe bainistíochta údarás áitiúil, tá an CBCC ina bpríomhpháirithe leasmhara sna réimsí maidir le pleanáil, soláthar bonneagair, tithíocht, seirbhísí comhshaoil agus sláintíochta chomh maith le seirbhísí caitheamh aimsire, cuimsithe shóisialta agus seirbhísí cultúrtha agus turasóireachta agus mar sin téann réimse leathan eagraíochtaí i gcomhairle leo.

Go neamhfhoirmiúil, forbraíonn na CBCC comhaontais straitéiseacha le páirtithe leasmhara agus ceannairí tuairime.

Déanann CBCC dea-chleachtas a shainaithint, a roinnt agus a phoibliú leis na páirtithe leasmhara ábhartha trí aighneachtaí chuig an Rialtas, trí fhorbairt agus cur chun cinn ábhair ar obair na n-údarás áitiúil, trí chumarsáid inmheánach agus trí chumarsáid na meán.

Déan teagmháil leis an CBCC

Cathaoirleach an CBCC,
Moira Murrell, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Chiarraí

Cumann na Bainistíochta Contae agus Cathrach
Teach an Rialtais Áitiúil
35 - 39 Cé Uiséir
Baile Átha Cliath 8

ccma@lgma.ie