Bhunaigh an GBRA tionscadal a bhfuil mar aidhm leis aonad sonraí a bhunú, ar aonad é a dhéanfaidh sonraí éagsúla faoin earnáil údaráis áitiúil a bhailiú, a bhainistiú agus a anailísiú.
Soláthraíonn údaráis áitiúla suas le 1,000 seirbhís don phobal agus sealbhaíonn siad méideanna ollmhóra sonraí luachmhara a d’fhéadfadh cabhrú le seirbhísí a fheabhsú agus eolas a dhéanamh do bheartais ar fud na hearnála.
Féachfaidh an t-aonad sonraí nua le sonraí ábhartha a shainaithint agus le córais a fhorbairt le haghaidh uathbhailiú na sonraí sin ar fud na hearnála chun tacar sonraí bainistithe láraithe a chruthú don rialtas áitiúil.
Cad iad aidhmeanna an tionscadail?
Tá sé mar aidhm leis an tionscadal an fhaisnéis infhíoraithe agus tábhachtach ón taobh straitéiseach de atá ann a shainaithint, agus forbairt a dhéanamh ar mhodh chun na sonraí sin a bhailiú chun go mbeifear in ann iad a bhainistiú agus a anailísiú chun na gcríoch seo a leanas:
- Cinnteoireacht fhianaisebhunaithe agus beartas fianaisebhunaithe a éascú
- A chinntiú gur fíoraithe agus ar fáil a bheidh sonraí oscailte a bhaineann le príomh-shaincheisteanna earnála agus go léirmhíneofar i gceart iad
- Cur le hacmhainn na hearnála chun an obair a bhíonn á soláthar ag údaráis áitiúla a ghabháil agus a chur in iúl
- Na sonraí a chomhcheangal le sonraí seachtracha chun tuairisciú agus tuiscint níos cuimsithí a fhorbairt ar an dóigh a rannchuidíonn obair na n-údarás áitiúil le mórspriocanna beartais
- Tacú le húdaráis áitiúla acmhainní a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtaí trí fhianaise a úsáid
Leis na sonraí a bhaileofar, cabhrófar le heolas a dhéanamh do chinnteoireacht ar fud raon leathan beartas agus cleachtas san earnáil rialtais áitiúil, lena n-áirítear i dtaca leis na nithe seo:
- Éileamh ar thithe, fardal stoic agus bainistíocht stoic
- Riachtanais tithíochta sa todhchaí
- Seirbhísí do dhaoine gan dídean
- Pleanáil agus treochtaí úsáide talún
- Éifeachtúlacht sa phróiseas pleanála agus na héifeachtaí atá ag cinntí pleanála
- An tionchar atá ag infheistíocht i ngníomhaíocht eacnamaíoch ar chruthú fostaíochta agus ar ghiniúint ioncaim
- Idirghníomhaíocht leis an bpobal
- Ioncam údaráis áitiúil agus an tionchar ar sheirbhísí
- Soláthar agus luach ar airgead
- Pleanáil acmhainne dramhaíola agus fuinnimh
- Cáilíocht uisce
An t-eolas is deireanaí ar an tionscadal
Fuarthas ceadú foirmiúil le haghaidh an tionscadail ó Ghrúpa Maoirseachta Athchóirithe na hEarnála Poiblí i mí Eanáir 2021. Formheasadh cistiú i mí an Mhárta agus fuarthas cead le haghaidh earcú foirne i mí na Bealtaine 2021.
I láthair na huaire, tá an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil ag earcú gairmithe sonraí cuí-oilte chun soláthar an tionscadail a threorú agus a bhainistiú. Faoi dheireadh na bliana, is earcaithe a bheidh suas le hochtar ball foirne a mbeidh sainscileanna anailíse agus léirshamhlaithe acu agus beidh tús curtha le cumrú TF agus le bailiú sonraí. A luaithe a bheidh na baill foirne i bhfeidhm, táthar ag súil leis go mbeidh obair ar shonraí a bhaineann le tithíocht, easpa dídine, pleanáil agus dramhaíl ar na chéad réimsí a ndíreofar orthu.
Tá sainchomhairleoirí ag obair ar chórais a fhorbairt chun comhlíonadh na gceanglas cosanta sonraí uile a chinntiú.
Seiceáil ar ais chun an t-eolas is deireanaí a fháil de réir mar a théann an tionscadal ar aghaidh nó lean sinn ar Twitter nó ar LinkedIn.