Bunaíodh an tAonad Lárnach Sonraí (ALS) laistigh den Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (GBRÁ) in 2021 chun cuidiú le Rialtas Áitiúil na hÉireann trína chinntiú go ndéanfar príomhshonraí riaracháin earnála a bhailiú, a anailísiú, a chur i láthair, a stóráil, a choinneáil slán, agus a scaipeadh ar bhealach an-inúsáidte, comhsheasmhach agus éifeachtach, agus go gcloíonn siad leis na caighdeáin, beartais agus straitéisí iomadúla is infheidhme maidir le sonraí lena n-áirítear RGCS, Straitéis Dhigiteach agus TFC an Rialtais Áitiúil 2030, Straitéis Sonraí Oscailte 2023-27.
Cuireann údaráis áitiúla suas le 1,000 seirbhís ar fáil don phobal agus coinníonn siad méideanna ollmhóra de shonraí luachmhara a d’fhéadfadh cuidiú le feabhas a chur ar sheirbhísí agus bonn eolais a chur faoi bheartas ar fud na hearnála.
Is é is aidhm don tionscadal an fhaisnéis infhíoraithe atá tábhachtach ó thaobh straitéise de atá ann a shainaithint, agus modh a fhorbairt chun na sonraí sin a bhailiú ionas gur féidir iad a bhainistiú agus a anailísiú chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Cinnteoireacht agus beartas atá bunaithe ar fhianaise a éascú
- A chinntiú go ndéanfar sonraí oscailte a bhaineann le príomhcheisteanna earnála a fhíorú, a léirmhíniú i gceart agus go mbeidh siad ar fáil.
- Méadú a dhéanamh ar chumas na hearnála an obair atá á soláthar ag údaráis áitiúla a ghabháil agus a chur in iúl
- Comhcheangal a dhéanamh le sonraí seachtracha chun tuairisciú agus tuiscint níos cuimsithí a fhorbairt ar an dóigh a gcuireann obair na n-údarás áitiúil le spriocanna beartais níos leithne
- Tacú le húdaráis áitiúla acmhainní a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtaí ag baint úsáid as fianaise
I measc phríomhchuspóirí an aonaid tá sonraí a bhailiú ó 31 údarás áitiúil na hÉireann maidir le príomhcheisteanna straitéiseacha arna sainaithint ag toscairí ó Chumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach (CBCC), - “glór ionadaíoch” an líonra rialtais áitiúil agus anailís a dhéanamh ar na sonraí sin. Ar deireadh, cuireann ALS bonn fianaise ar fáil don chinnteoireacht ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil.
Tá réimse aschuir anailíse curtha ar fáil ag ALS lena n-áirítear tuarascálacha, deaiseanna, tacair sonraí oscailte, mapaí sonraí, etc., le húsáid ag Coistí CBCC, Údaráis Áitiúla, Ranna Rialtais, Aonaid Ghnó GBRÁ, saoránaigh, gníomhaireachtaí agus institiúidí.
Go dtí seo tá anailísíocht curtha ar fáil ag ALS - lena gcumhdaítear réimse ábhair thaighde - do na Coistí seo a leanas:
- Coiste Tithíochta CBCC
- Coiste um Pleanáil agus Úsáid Talún CBCC
- Coiste Corparáideach agus Pleanála Éigeandála CBCC
- Coiste um Chomhshaol, um Aeráid agus um Gheilleagar Ciorclach CBCC
- Forbairt Leabharlann GBRÁ
Anuas air sin, oibríonn ALS freisin leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (RTRAO), agus leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ) chun réiteach agus anailísíocht TF a sholáthar a chuideoidh le húdaráis áitiúla an tionscnamh ‘Offer A Home’ a thabhairt isteach agus a fheidhmiú. Is tionscnamh é sin a thacaíonn le cóiríocht a chur ar fáil do Thairbhithe na Treorach maidir le Chosaint Shealadach, a achtaíodh i mí an Mhárta 2022 i ndiaidh bhriseadh amach an chogaidh san Úcráin.