Tugaimid comhairle agus tacaíocht maidir le forbairt straitéisí agus beartas ar fud na hearnála rialtais áitiúil.
Tacaíonn ár gColún Straitéise, Taighde agus Cumarsáide leis na húdaráis áitiúla maidir le seirbhísí a sholáthar do shaoránaigh.
Straitéis
Oibrímid leis na húdaráis áitiúla agus dreamanna eile chun ceisteanna atá ag teacht chun cinn a shainaithint, tugaimid comhairle maidir le dúshláin, agus stiúraimid athrú dearfach don earnáil.
Tá foirne againn atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt d’údaráis áitiúla sna réimsí seo a leanas:
- Thithíocht, Tógáil agus Úsáid Talún
- Ghníomhú ar son na hAeráide, Iompar agus Gréasáin
- Fhorbairt Tuaithe, Pobal, Turasóireacht, Cultúr agus Oidhreacht
- Ghnó, Fiontair, Nuálaíocht agus Athnuachan Gheilleagrach Ceantar Uirbeach/Bailte
- Uisce, Bainistíocht Dramhaíola, Comhshaol agus Pleanáil Éigeandála
- Leabharlanna
Déanann an foirne sin riachtanais uile na n-údarás áitiúil a bhainistiú sna réimsí sin. Áirítear ar a raon oibre:
- Anailís, forbairt agus comhairle faoi bheartais
- Cuir chuige earnála agus cláir oibre a bhainistiú
- Idirchaidreamh a dhéanamh le comhlachtaí seachtracha agus gníomhú mar ghuth ionadaíoch don earnáil rialtais áitiúil
- Clár TFC agus cláir eile a fhorbairt agus a bhainistiú chun tacú leis an réimse gnó
- Forbairt cur chuige earnála agus seirbhísí comhroinnte a mholadh agus a bhainistiú
- Tacú le forbairt agus cur chun feidhme beartas rialtais ábhartha
Taighde
Déanann agus coimisiúnaíonn an fhoireann taighde taighde agus anailís sonraí le bonn eolais a chur faoin earnáil rialtais áitiúil agus chun gníomhaíochtaí na n-údarás áitiúil a thuairisciú.
- Tugaimid faoi thionscadail taighde ar thopaicí a mbaineann tábhacht straitéiseacha leo d’údaráis áitiúla.
- Déanaimid bailiú agus anailís sonraí a bhainistiú don earnáil mar fhreagairt ar iarratais ó ghníomhaireachtaí Rialtais agus ó ghníomhaireachtaí eile
- Soláthraímid comhairle agus cúnamh maidir le taighde, bailiú sonraí agus anailísíocht sonraí
Tá taighde a rinne Foireann Taighde an GBRÁ ar fáil sa rannóg Foilseachán.
Cumarsáid
Oibríonn foireann cumarsáide an GBRÁ chun feasacht agus tuiscint ar obair na hearnála rialtais áitiúil a mhéadú, agus chun cumarsáid, comhairliúchán, agus rannpháirtíocht éifeachtach leis an earnáil a éascú.
- Tugaimid obair na n-údarás áitiúil chun suntais agus ardaímid feasacht fúithi
- Tugaimid tacaíocht don earnáil agus oibrímid ar a son
- Déanaimid branda Údaráis Áitiúla na hÉireann a bainistiú, a dhéanann ionadaíocht don 31 údarás áitiúil ar fud agus don earnáil rialtais áitiúil.